English | Gaeilge
MACDARA Ó FAOLÁIN LUTHIER
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Teagmháil

Cúrsaí Oibre Eanáir 2022

31/1/2022

0 Comments

 
       Tá mé tar éis a bheith go dona ag coimeád an páirt seo den suíomh suas chun dáta! Mo leithscéal, beidh feabhas orm i 2022! Tá mé tar éis a bheith fíor ghnóthach le uirlisí le déanaí. I mí Méan Fómhair, chríochnaigh mé an Maindilín Céadrais/Rósadhmad a luaigh mé i bpóstáil eile. Bhí mé an-sásta leis is tá cuma ar an scéal go bhfuil an maindilín agus an custaméir fíor shásta sa Bheilg.

I mí Deireadh Fómhair, bhí deis iontach agam a chaitheamh le Taran Guitars in Albain ag obair ar maindilíní. Taithí den chéad scoth a bhí ann agus d’fhoghlaim mé go leor ó Rory, Zachie agus Gemma. 

Thóg mé an Bouzouki Sprús/Cocobolo go John le déanaí. Sé an uirlis is ansa liom go dtí seo agus bhí go leor teicnící nua ann a bheidh á úsáid agam as seo amach. Bhí spleodar orm a bheith in iúl é a thabhairt do John in ionad é a chuir sa phost. Bhí sé go hálainn a chuid sceitimíní a fheiscint agus é á sheinnt don chéad uair. Sin an chúis gur aoibhinn liom déantúsaíocht. 

I dtaobh uirlisí atá idir lámha agam, tá giotár Victoria beagnach réidh agus í ag fuireach ar gléasanna tiúnáilthe, droichead agus ansan beidh sí réidh le socrú suas. Tá súil agam í a bheith réidh sa chéad cúpla seachtain eile. Chomh maith le sin, tá 6 uirlis nua á thosnú agam d’ordaithe na bliana seo.
Picture
Picture
Picture
2 mhaindilín le corp iomlán Koa (is cúpla iad)
​Bouzouki le corp iomlán Iúir Éireannach

Bouzouki Céadrais/Úll Bhramley

Bouzouki Céadrais/Galchnó Sasanach

Maindilín Ochtach Sprús Eilvéiseach/Malpa Eilvéiseach


Beidh na huirlisí réidh le seinnt i dtreo deireadh 2022 le cúnamh Dé. Tá sceitmíní orm! Seo cúpla pictiúir ón gceardlann le tamaill anuas.

Picture
Picture
Picture
Picture
0 Comments

    Cartlann

    January 2022
    October 2020
    August 2020
    July 2020

    ENGLISH
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Home
  • About
  • Instruments
  • Construction and Design
  • News
  • Order
  • Available Now
  • Contact