English | Gaeilge
MACDARA Ó FAOLÁIN LUTHIER
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Teagmháil

Giotár Victoria

29/7/2020

0 Comments

 
Bheartaigh mé ar giotár a dhéanamh do Victoria dá breithlá, cé go bhfuil seans sách maith go mbeidh sí níos gairide don chéad breithlá eile sula mbeidh sé críochnaithe agam. Is cóip de Gibson L-00 é ó 1940. Tá Malpa á úsáid agam do na cúl & na taobhanna agus tá Sprús Sitceach á úsáid agam don barr. Fé láthair, tá’n barr agus an cúl nasctha le chéile agus an cruth gearrtha amach go garbh. Tá’n fáinne agus an poll fuaime gearrtha amach leis agus tá mé tar éis barra cosanta ach chuir thar lár alt an chúil. Tá mé ar thí tabhairt faoin múnla anois. Tá mé sceitimíneamh faoin dtionscnamh seo.
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
0 Comments

Maindilín do Shiopa Ceoil Custy's

27/7/2020

1 Comment

 
Seo sampla fuaime den maindilín is déanaí a chríochnaigh mé, déanta as Céadrais agus Iúr a’Phortaigh. Díoladh an maindilín sular shroich sé an siopa agus tá baile iontach nua aige sna Déise. Bhí mé sásta leis an fhuaim agus tá rud draíochtúil faoi phátrún snáithe Iúr a’Phortaigh. Breis eolas faoin maindilín anseo. Thaitin an cúl go mór liom féin agus leo siúd a sheinn é agus tá seit Rósadhmad Indiach do chúl trí phíosa agam anseo, seans maith go núsáidfidh mé do mhaindilín eile é!

1 Comment

Suíomh Nua

26/7/2020

0 Comments

 
Fáilte is fichead romhaibh go mo shuíomh nua! Tá mé fíor bhuíoch do mo leath-bhádóir Victoria as an suíomh a chuir le chéile go snasta. Is duine fíor chumasach í ar mhórán slite is tá mé cinnte go n-aontóidh sibh go bhfuil sár shuíomh curtha le chéile aici dom! Nach orm atá an t-ádh. Tugann sí an-cabhair dom, ó bheith ag tabhairt a tuairim ó thaobh uirlisí de go bheith ag leagan amach an ceardlann sa tslí is oiriúnaí! Beimid ag coimeád an suíomh suas chun dáta chomh minic is gur féidir linn, le heolas agus pictiúir de na huirlisí atá ar bun agam agus le cúnamh Dé, tabharfaidh sé deis daoibh beagán a fhoghlaim faoin méid a bhíonn ar siúl agam i mo cheardlann. Tá súil agam go mbainfidh sibh an-taitneamh as.
Picture
0 Comments

    Cartlann

    January 2022
    October 2020
    August 2020
    July 2020

    ENGLISH
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Home
  • About
  • Instruments
  • Construction and Design
  • News
  • Order
  • Available Now
  • Contact