English | Gaeilge
MACDARA Ó FAOLÁIN LUTHIER
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Teagmháil

Dearadh Fáinne Nua

30/10/2020

0 Comments

 
     Tá mé tar éis a bheith ag obair ar bhouzouki nua déanta as Sprús agus Cocobolo le déanaí. Is bouzouki do shúinéir iontach é. Nuair a tháinig sé ar cuairt orm le bouzouki a thrialadh agus adhmad a roghnú, labhraíomar faoi pátrún snáithe adhmaid agus gur maith leis an bheirt againn nádúr an adhmad a choimeád, fiú muna bhfuil pátrún snáithe iontach díreach ann. Tá píosa sprús agam atá fuaim iontach uaidh ach atá pátrún snáithe craiceáilte ceart ann. Bheartaigh mé ar é a úsáid go speisialta don tionscnamh seo. 
Picture
Picture
Picture
Dhear mé fainne mosaic leis, le dul isteach sa bharr seo leis. Bhí uaim ceann acu seo a thrialadh le tamaill anois agus cheap mé gur oirr sé go maith do théama an súinéire. Bhain mé an-taitneamh as an próiséas casta seo. Tá go leor ama breiseadh ag baint leis an bpróiséas ach is dóigh liom gur fiú go mór é. Tá aon phíosa déag adhmad sa bhfáinne seo: Cocobolo, Iúr a’ Phortaigh, Iúr, Dair a’ Phortaigh, Malpa, Padauk, Dubhadhmad Africánach, Galchnó, Mahogany, Ovangkol agus Rósadhmad Indiach. Slí iontach le dramh-phíosaí a úsáid! Beidh an stíl seo d’fháinne mar rogha bhreiseadh ar aon uirlis de mo chuid as seo amach.
Picture
0 Comments



Leave a Reply.

    Cartlann

    January 2022
    October 2020
    August 2020
    July 2020

    ENGLISH
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Home
  • About
  • Instruments
  • Construction and Design
  • News
  • Order
  • Available Now
  • Contact