English | Gaeilge
MACDARA Ó FAOLÁIN LUTHIER
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Teagmháil

Dhá Bhouzouki Portaigh

9/8/2020

4 Comments

 
Tá dhá bhouzouki déanta as Iúr Portaigh atá 5000 bliain d’aois críochnaithe agam le déanaí. Mo bhuíochas le Matt Lohan as an t-adhmad speisialta seo a aimsiú dom, a tháinig ó Phortach na Buaraí, Co. Uíbh Fháilí. Tá áthas orm go bhfuair mé deis dhá bhouzouki a dhéanamh as, maraon le maindilín atá le feiscint thíos. Tá barr céadar ar an dá bhouzouki agus tá ceann acu maisithe le iúr ó Thigh Carton i gCo. Cill Dara. Tá’n ceann eile maisithe le malpa. Tá’n dá cheann ar díol faoi láthair agus tá breis eolas ar fail anseo.
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
4 Comments
Cillian de Róiste
21/8/2020 12:52:08

Tá siadsan go hálainn ar fad! An bhfuil siad fós ar fáil? Cén costas atá i gceist?

Reply
Macdara Ó Faoláin link
24/8/2020 21:09:24

Hi a Chillian. Go raibh míle maith agat! Níl ceachtar acu ar fáil níos mó áfach. Beidh bouzouki amháin á dhéanamh agam i mbliana má chabhraíonn san leat ar ao chuir go fóill.

Go raibh míle maith agat!

Macdara

Reply
Cillian de Róiste
25/8/2020 10:30:18

GRMA, a Mhacdara, níl ionadh ar bith orm nach bhfuil siad ar fáil. Tá siad thar a bheith speisialta. Bheadh suim agam i cheann eile cinnte. Más féidir leat m'ainm a chur ar liosta feithimh, bheadh mé fíor bhuíoch.
Ádh mór,
Cillian

Reply
Macdara Ó Faoláin link
30/8/2020 08:44:13

Hi Cillian,

Grmma! Gan aon straen. Cuir rphost chugam ag macdaramandolin@gmail.com agus is feidir linn cursai a phle ansan!

Is mór agam na rudaí deasa san a chloisint fúthú.

Macdara

Reply



Leave a Reply.

    Cartlann

    January 2022
    October 2020
    August 2020
    July 2020

    ENGLISH
  • Baile
  • Eolas
  • Uirlisí
  • Déantús agus Dearadh
  • Ar Fáil
  • Nuacht
  • Home
  • About
  • Instruments
  • Construction and Design
  • News
  • Order
  • Available Now
  • Contact