Déantús agus Dearadh
Tógaim sreanguirlisí cois na farraige sna Déise. Is seomra beag í mo cheardlann i dtigh mo theaghlaigh, áit a d’imir mé cluichí boird agus pool mar pháiste. Tá radharc agam ar Fhaill a’ Stáicín agus an fharraige, ní bhíonn easpa ionsparáide orm leis an radharc san! Ceapaimse go bhfuil suíomh ceardlann fíorthábhachtach is tú ag iarraidh a bheith cruthaíoch agus cuireann an suíomh go mór le mo chompord is mé ag tógaint uirlisí. Níl mórán trealaimh agam, iad siúd atá riachtanach le uirlis a dhéanamh amháin: greanálaithe, cuasphlánaí, go bar deck, múnlaí agus uirlisí láimhe. Déanaim ualach na hoibre a bhaineann le uirlis ceoil a dhéanamh de lámh, rud a theastaigh uaim a dhéanamh ón gcéad lá. Tá slite níos mire le hoibriú ach tá níos mó cúraim a’ baint leis an tslí seo, cúram atá gá leis nuair atá uirlis ceoil á thógaint.
Fuaim
Sé’n fhuaim a thrialaim a bhaint amach ná’n fhuaim a lorgaím féin mar cheoltóir. Tá ualach mór uirlisí trialta agam agus tuigim cén fhuaim a thaitníonn liomsa agus iad siúd a thaitníonn an fhuaim chéanna leo. Ní stopann an fhoghlaim riamh agus d’fhoghlaim mé formhór go dtí seo tríd rudaí a d’oibrigh amach agus iad siúd nár oibrigh amach! Taitníonn uirlisí liom a líonann seomra, gan a bheith rógharbh ná róláidir. Is comhartha maith domhsa é má bhíonn an fhuaim ag teacht ón uirlis i ngach treo agus é deacair a rá go díreach cad as atá’n fhuaim ag teacht. Taitníonn tón glan, soiléir liom chomh maith áfach. Bíonn deacracht ag leor seinnteoirí bouzouki le uirlisí atá ró-chiúin i seisiúin agus i ngrúpaí ceoil. Bhí na deacrachtaí céanna agamsa le huirlisí is mé níos óige agus chabhraigh ionsparáid na Gréigigh agus déantúsaíocht giotár go mór liom chomh maith le barraí fuaime agus doimhneacht na dtaobhanna a athrú, le fuaim níos doimhne a aimsiú. Tá mé fíorshásta leis an fhuaim a fhaighim ó mo chuid bouzouki na laethanta seo, buíochas mór le Dia! Leanfaidh an feabhas ag teacht leis le cúnamh Dé.
Adhmad
Tá sé soiléir ó mo shuíomh go n-úsáidim adhmad nach bhfuil fíorchoitianta i saol na déantúsaíochta. Tógadh mé le meas a bheith agam ar an timpeallacht agus déanaim iarracht ábhar inathnuaithe a úsáid chomh minic is gur féidir. Úsáidim adhmad andúchasach anois is arís ach b’fhearr liom adhmad Éireannach agus Eorpach a úsáid nuair is féidir. Do chúl agus taobhanna uirlisí, taitníonn adhmaid gheala ar nós iúr agus malpa go mór liom. Tá fuaim iontach acu seo leis dár ndóigh. Úsáidim malpa go fíormhinic ar chúpla chúis éagsúil – tá cuma iontach air, tá sé fíorspeisialta. Chomh maith le sin, úsáideadh Malpa le veidhlíní agus uirlisí ársa a dhéanamh ar feadh na mblianta fada agus ní dóigh liomsa gur aon bhotún í seo. Níor chuala mé mórán uirlisí le Malpa ann nach raibh fuaim álainn uathu! Tá’n t-ádh orm cairde a bheith agam a oibríonn le hadhmad agus cúrsaí comhshaoil. D’aimsigh mo chara Matt Lohan adhmad Éireannach ar nós Iúr agus Iúr Portaigh dom, a tháinig as Portach na Buaraí i gCo. Uíbh Fháilí atá 5000 bliain d’aois! Is mór an onóir dom obair le adhmad a bhí i mo thír dhúchais le blianta chomh fada! Is annamh go mbíonn sé rúinín níos deacra obair le cuid de na huirlisí seo ach is fiú na hiarrachat é ar deireadh i gcónaí.
Úsáidim Céadar agus Sprús do bharr na n-uirlisí. Taitníonn Céadar go mór liom dos na maindilíní agus dos na bouzoukianna. Tá fuaim álainn teolaí uaidh a oireann go hiontach dos na huirlisí seo! Is dócha gurb í is ansa liom! Déanaim cúpla uirlis ag an am agus uaireanta déanaim cúpla ceann le Céadar le chéile agus ansin déanaim cúpla ceann le sprús le chéile. Ligeann sé seo dom teacht i dtaithí ar mhothú an adhmad. É sin ráite, tá gach píosa adhmad difriúl agus ní bhíonn aon cheann acu mar an gcéanna le ceann eile. Athraíonn an fhuaim, an solúbthacht agus cé chomh crua is a bhíonn siad. Toisc seo, bíonn tiús difriúil ag gach barr. Le sin, cé go bhfuil difríocht láidir idir Sprús agus Céadar, tá fuaim iomlán nua ag gach barr agus éistim go géar leis an fhuaim uathu ionas go bhfuil sé ag suí go compordach.
Úsáidim Céadar agus Sprús do bharr na n-uirlisí. Taitníonn Céadar go mór liom dos na maindilíní agus dos na bouzoukianna. Tá fuaim álainn teolaí uaidh a oireann go hiontach dos na huirlisí seo! Is dócha gurb í is ansa liom! Déanaim cúpla uirlis ag an am agus uaireanta déanaim cúpla ceann le Céadar le chéile agus ansin déanaim cúpla ceann le sprús le chéile. Ligeann sé seo dom teacht i dtaithí ar mhothú an adhmad. É sin ráite, tá gach píosa adhmad difriúl agus ní bhíonn aon cheann acu mar an gcéanna le ceann eile. Athraíonn an fhuaim, an solúbthacht agus cé chomh crua is a bhíonn siad. Toisc seo, bíonn tiús difriúil ag gach barr. Le sin, cé go bhfuil difríocht láidir idir Sprús agus Céadar, tá fuaim iomlán nua ag gach barr agus éistim go géar leis an fhuaim uathu ionas go bhfuil sé ag suí go compordach.
Ealaín na Ceirde
Ar nós aon ealaíon, is modh le mothúcháin a léiriú é’n déantúsaíocht agus cabhraíonn sé go mór lem shaol. Tá éagsúlacht i bpátrún snáithe, dath agus mothú adhmaid chomh speisialta i mo thuairmise agus tá’n cuid is mó de mo chuid dearadh bunaithe ar adhmad a mheaitseáil agus a lannú le sonraí ealaíonta a chruthú. B’fhearr liom uirlisí atá deartha go simplí ach go snasta. B’fhearr liom go dtugtar mionshonraí dearaidh nua faoi dearadh gach babhta a thógann said as an cás é. Braithim go dtéann go leor daoine thar fóir le mionshonraí agus go loiteann sé an mórphictiúr. Bíonn déantasóirí eile, ealaíontóirí agus ceardaithe go ginearálta mar ionsparáid agam. Tá’n t-ádh orainn na laethanta seo go bhfuil an oiread eolais agus ionsparáide le fáil ar líne! Tá mé fíorbhuíoch dóibh siúd a spreagann agus a thugann ionsparáid dom. Faighim tuairimí ó chúrsaí nádúir agus ó ailtireacht leis anois is arís. Tá cúpla mionshonra ar leith ar mo chuid uirlisí. Déanaim lannú ar adhmaid dhifriúla ar chaipín sáil an mhuinéil, tuairim a mhúsclaigh ó bhainseó de dhéantús Paramount atá agam sa mbaile a bhí mé ag seinnt tar éis dom tabhairt fé dearadh nach raibh muineál amháin doimhin go leor! Is duilleog darach atá sa lógó agam. Tá sé seo bunaithe ar m’ainm gan dabht, ach cuireann an duilleog i gcuimhne dom gurb as an dúlra a tháinig na huirlisí seo i ndáiríre agus ar nós an duilleog, nílimse ach mar pháirt ghairid i saol an adhmaid!
Bailchríoch
Tá bailchríoch ar cheann des na rudaí is tábhachtaí ar uirlis ceoil, cé gur minic go ndeifrítear tharais. Tógann sé go leor cúraim, go leor trealaimh agus go leor ama! Tá sé tábhachtach an uirlis a chosaint, ach tá sé riachtanach go mbeadh an bhailchríoch fíorthanaí leis, ó thaobh cúrsaí fuaime. Caithfidh sé a bheith snasta agus álainn leis! Níl sé fuirist é seo ar fad a bhaint amach ach is fiú go mór é nuair a sháraítear é. Chuir mé an bhailchríoch ar an céad cúpla uirlis agam de lámh agus d’fhoghlaim mé conas Snas Francach a chuir ar uirlisí tríd cúrsa ar líne leis an sárdhéantasóir, Robbie O’Brien. Bhí mé ag machnamh ar an bailchríoch ar feadh i bhfad agus im thuairimse tá bailchríoch le spré níos praicticiúla do 90% de cheoltóirí, a sheinneann i dtithe tábhairne agus in ionad ceoil, áiteanna nach bhfuil ídéalach do Shnas Francach. Spréáil James Maguire i nGaillimh an cúpla uirlis is déanaí agam, buíochas le moladh Paddy Cleere. Is saineolaí é James agus tá mé fíorshásta leis an snas a chuireann sé ar mo chuid uirlisí.
Sonraí
Gnáthshonraí uirlis:
- Barr: Céadar Crón Iarthanach nó Sprús Sitka
- Cúl agus Taobhanna: Malpa, Iúr, Galchnó agus go leor crua-adhmaid éagsúla
- Muinéal: Mahogany nó Malpa le Lannaithe
- Gléasanna Tiúnáilthe: Gotoh SG381 le Cnaipí Ebony
- Stiallóga: Jescar Evo Gold FW37080
- Cnó agus Adhairt: Cnámh (Rogha Vegan ar fáil)
- Droichead: Ebony
- Eireaballán: Brás 1mm le veinír crua-adhmaid
- Bandáil: Rocklite Ebono nó rogha crua-adhmaid
- Fáinne: Crua-adhmad le bandáil ar an bpoll fuaime