Eolas
Is mise Macdara Ó Faoláin agus is déantasóir uirlise mé sna Déise. Bhí roinnt suime agam i gcúrsaí adhmadóireachta mar pháiste, cheannaigh mo thuismitheoirí seiteanna adhmadóireachta dom féin is mo dheartháireacha. Ní raibh mé ró-iontach aige áfach agus bhí níos mó suime agam sa cheol. Sheinneas an fhidil, an maindilín is an bouzouki mar pháiste agus músclaíodh mo chuid suime sa déantúsaíocht nuair a d’ordaigh mo thuismitheoirí bouzouki dom ó Phaul Doyle i nGaillimh is mé deich mbliana d’aois. Chuir Paul pictiúir chugam do bhouzouki leath-dhéanta agus, ar deireadh, sheol sé físeán chugam d’Andy Irvine á sheinnt is é réidh. Mhúscail sé suim iontach ionam, is cheap mé go raibh an t-ádh ar Phaul a bheith ag éisteacht le ceoltóir ar nós Andy a bheith ag seinnt a chuid saothair! Le sin, bheartaigh mé ar fhoghlaim conas uirlis a thógaint. Is mé ceithre bliana déag, d’fhreastail mé ar chúrsa déantúsaíochta ukulele le Paul, le foghlaim conas ukulele a dhéanamh dom Theastas Sóisearach. Chuaigh mé go Paul ar feadh cúpla lá anseo is ansiúd is chríochnaigh mé mo chéad ukulele ar scoil ar dtús, le cabhair Aonghus Ó Raghnaigh, mo mhúinteoir adhmadóireachta. Bhí cuma uafásach ar an gcéad ukulele: bhí cruth ait air agus bhí sé garbh ceart! Bhí mé in iúl ceol éigin a bhuaileadh as áfach agus ní raibh an fhuaim ró-dhona ar ao’ chor! Bhí mise ríméadach nár phléasc sé faoi theannas na sreanganna fiú. Bhí mé an-sásta liom féin agus nuair a tháinig an ceann a dhein mé le Paul amach níos fearr fós, thug sé muinín dom leanúint orm. Ní raibh dada eisceachtúil fén ukulele seo ach an oiread, ach bhí fuaim dheas uaithi, rud a chuir ionadh orm leis an méid botún a dhein mé! D’fhoghlaim mé go leor ó Phaul agus bhí sé an-fhoighneach liom i gcónaí, is é sásta aon cheist a bhí agam a fhreagairt! Lig sé dom go leor trealaimh a úsáid is mé óg agus is cinnte go raibh tionchar mór aige ar mo shaol.
Mar chuid de mo chuid taithí oibre is mé san idirbhliain, d’oibrigh mé i gceardlann Ian Knepper i gCorcaigh. Chabhraigh Ian liom cúpla ukulele a dhéanamh agus mhúin sé gnáthscileanna adhmadóireachta dom leis, ar nós faobhar a chur ar threalamh, srl. Tugann Ian an-tacaíocht go deo dom go fóill is foghlaimím rud nua uaidh gach babhta go mbuailim leis! Thosaigh mé an chéad bouzouki a dhein mé i gceardlann Ian agus thug Ian an-mhisneach dom is mé á thógaint. Bhí mo dhlúthchara Seán Ó Fearghail díreach tar éis cúrsa déantúsaíochta guitar a chríochnú ag an am is thug sé siúd an-chabhair dom leis. Bhí mé i bponc i dtreo deireadh agus chabhraigh cara eile liom, Paddy Cleere, an bouzouki a chríochnú. Gan iad siúd a luaigh mé thuas, maraon le leathanach facebook Andy Manson, ní bheinn tar éis bouzouki a chríochnú riamh! Bhí mé sách sásta leis an gcéad bhouzouki, cé go raibh cúpla locht soiléir ar an gcuma air. Ach, mar uirlis ceoil, d’oibrigh sé go maith. Bhí sé mar phríomhuirlis agamsa ar feadh cúpla bliain. D’fhoghlaim mé go leor uaidh agus dhein mé measúnú dian air ó thaobh cad a d’oibrigh is cad go raibh orm a athrú! Bhí an chuid is mó de déanta ar seanbhord ping pong a bhí againn sa mbaile. Le sin, bhí mé sásta a rá gur dhein mé é.

Chaith mé go leor ama ag pleanáil an dara bouzouki. Theastaigh fuaim níos doimhne uaim, maraon le uirlis níos glóirí, toisc go raibh an chéad bhouzouki ag éirí caillte i seisiúin. Mhéadaigh mé doimhneacht an choirp, d’oscail mé suas an poll fuaime agus dhein mé níos mó staidéir ar fhíseáin Dana Bourgeouis ná mar a dhein mé ar scoil. Chaith mé go leor ama á thógaint agus bhí mé an-sásta leis an gcuma a bhí air agus leis an fhuaim a bhí uaidh. Bheartaigh mé ar an bouzouki seo a chur ar chrannchur do Chumann Siondróm William na hÉireann. Thaitin sé go mór liom ach theastaigh uaim rud a thabhairt don charthanacht seo agus chomh maith leis, chuir sé brú orm uirlis a dhéanamh a bheadh custaméir sásta leis. Sheinn mé an bouzouki is na ticéid á dhíol agam agus sheinn mé ar dlúthdhiosca Pháraic Mac Donnchadha, ‘Thar Am’ é. Thaitin an fhuaim go mór le daoine agus thaitin an mothú go mór liomsa. Bhí sé deacair orm slán a rá leis agus filleadh ar an gcéad bhouzouki, nach raibh leath chomh deas leis! Bhí sé in am agam tabhairt faoin gceardlann is uirlis nua a thosú!
Nuair a chríochnaigh mé an tríú bouzouki, bhí mé fíorshásta leis agus bheartaigh mé go dtosnóinn ag déanamh uirlisí go páirtaimsearach ina dhiaidh sin. Tá cúig uirlis déag déanta agam agus mé ag baint fíor thaitneamh as. Tá mé fíorbhuíoch dóibh siúd a chabhraigh liom an staid seo a shroichint, go háirithe Paul Doyle, Ian Knepper, Paddy Cleere, Seán Ó Fearghail, Paddy Tutty agus Ultan Walsh. Mo mhíle buíochas le mo chlann leis a thacaigh le mo chuid suime aite i gcónaí is mé im dhéagóir! Gurb fada buan sibh go léir!