Tá mé tar éis a bheith go dona ag coimeád an páirt seo den suíomh suas chun dáta! Mo leithscéal, beidh feabhas orm i 2022! Tá mé tar éis a bheith fíor ghnóthach le uirlisí le déanaí. I mí Méan Fómhair, chríochnaigh mé an Maindilín Céadrais/Rósadhmad a luaigh mé i bpóstáil eile. Bhí mé an-sásta leis is tá cuma ar an scéal go bhfuil an maindilín agus an custaméir fíor shásta sa Bheilg. I mí Deireadh Fómhair, bhí deis iontach agam a chaitheamh le Taran Guitars in Albain ag obair ar maindilíní. Taithí den chéad scoth a bhí ann agus d’fhoghlaim mé go leor ó Rory, Zachie agus Gemma. Thóg mé an Bouzouki Sprús/Cocobolo go John le déanaí. Sé an uirlis is ansa liom go dtí seo agus bhí go leor teicnící nua ann a bheidh á úsáid agam as seo amach. Bhí spleodar orm a bheith in iúl é a thabhairt do John in ionad é a chuir sa phost. Bhí sé go hálainn a chuid sceitimíní a fheiscint agus é á sheinnt don chéad uair. Sin an chúis gur aoibhinn liom déantúsaíocht. I dtaobh uirlisí atá idir lámha agam, tá giotár Victoria beagnach réidh agus í ag fuireach ar gléasanna tiúnáilthe, droichead agus ansan beidh sí réidh le socrú suas. Tá súil agam í a bheith réidh sa chéad cúpla seachtain eile. Chomh maith le sin, tá 6 uirlis nua á thosnú agam d’ordaithe na bliana seo.
0 Comments
Tá mé gnóthach go leor sa cheardlann na laethanta seo, buíochas mór le Dia. Tá breis oibre déanta agam ar ghiotár Victoria agus ar an mbouzouki a luaigh mé shíos, maraon le maindilín le Céadar agus Rósadhmad Indiach. Tá na taobhanna lúbtha orthu ar fad agus tá na bloic glúáilte ar an maindilín agus an bouzouki. Tá na barraí glúáilte orthu ar fad agus tá siad réidh le cruth a chuir orthu, nuair atá a gcuid taobhanna réidh. Tá mé ag baint an-taitneamh as na huirlisí seo a thógaint agus tá mé ag súil go mór len iad a chloisint!
Tá mé tar éis a bheith ag obair ar bhouzouki nua déanta as Sprús agus Cocobolo le déanaí. Is bouzouki do shúinéir iontach é. Nuair a tháinig sé ar cuairt orm le bouzouki a thrialadh agus adhmad a roghnú, labhraíomar faoi pátrún snáithe adhmaid agus gur maith leis an bheirt againn nádúr an adhmad a choimeád, fiú muna bhfuil pátrún snáithe iontach díreach ann. Tá píosa sprús agam atá fuaim iontach uaidh ach atá pátrún snáithe craiceáilte ceart ann. Bheartaigh mé ar é a úsáid go speisialta don tionscnamh seo. Dhear mé fainne mosaic leis, le dul isteach sa bharr seo leis. Bhí uaim ceann acu seo a thrialadh le tamaill anois agus cheap mé gur oirr sé go maith do théama an súinéire. Bhain mé an-taitneamh as an próiséas casta seo. Tá go leor ama breiseadh ag baint leis an bpróiséas ach is dóigh liom gur fiú go mór é. Tá aon phíosa déag adhmad sa bhfáinne seo: Cocobolo, Iúr a’ Phortaigh, Iúr, Dair a’ Phortaigh, Malpa, Padauk, Dubhadhmad Africánach, Galchnó, Mahogany, Ovangkol agus Rósadhmad Indiach. Slí iontach le dramh-phíosaí a úsáid! Beidh an stíl seo d’fháinne mar rogha bhreiseadh ar aon uirlis de mo chuid as seo amach.
Tá dhá bhouzouki déanta as Iúr Portaigh atá 5000 bliain d’aois críochnaithe agam le déanaí. Mo bhuíochas le Matt Lohan as an t-adhmad speisialta seo a aimsiú dom, a tháinig ó Phortach na Buaraí, Co. Uíbh Fháilí. Tá áthas orm go bhfuair mé deis dhá bhouzouki a dhéanamh as, maraon le maindilín atá le feiscint thíos. Tá barr céadar ar an dá bhouzouki agus tá ceann acu maisithe le iúr ó Thigh Carton i gCo. Cill Dara. Tá’n ceann eile maisithe le malpa. Tá’n dá cheann ar díol faoi láthair agus tá breis eolas ar fail anseo.
Bheartaigh mé ar giotár a dhéanamh do Victoria dá breithlá, cé go bhfuil seans sách maith go mbeidh sí níos gairide don chéad breithlá eile sula mbeidh sé críochnaithe agam. Is cóip de Gibson L-00 é ó 1940. Tá Malpa á úsáid agam do na cúl & na taobhanna agus tá Sprús Sitceach á úsáid agam don barr. Fé láthair, tá’n barr agus an cúl nasctha le chéile agus an cruth gearrtha amach go garbh. Tá’n fáinne agus an poll fuaime gearrtha amach leis agus tá mé tar éis barra cosanta ach chuir thar lár alt an chúil. Tá mé ar thí tabhairt faoin múnla anois. Tá mé sceitimíneamh faoin dtionscnamh seo.
Seo sampla fuaime den maindilín is déanaí a chríochnaigh mé, déanta as Céadrais agus Iúr a’Phortaigh. Díoladh an maindilín sular shroich sé an siopa agus tá baile iontach nua aige sna Déise. Bhí mé sásta leis an fhuaim agus tá rud draíochtúil faoi phátrún snáithe Iúr a’Phortaigh. Breis eolas faoin maindilín anseo. Thaitin an cúl go mór liom féin agus leo siúd a sheinn é agus tá seit Rósadhmad Indiach do chúl trí phíosa agam anseo, seans maith go núsáidfidh mé do mhaindilín eile é!
|
Cartlann |